Faoi Shláinte Leanaí Éireann
Cuireann Sláinte Leanaí Éireann (CHI) seirbhísí sláinte ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ar fud na hÉireann. Oibrímid ceithre ospidéal leanaí laistigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, agus bainistímid na seirbhísí péidiatraiceacha náisiúnta go léir. Leis an tionscadal nua ospidéil do leanaí leathnófar ár seirbhísí. Tógfar ospidéal nua ar champas Ospidéal San Séamas, mar aon le dhá ionad othar seachtrach agus cúram práinneach nua.
Oideachas agus taighde
Mar eagraíocht acadúil cúram sláinte, tá CHI chun tosaigh ar chlaochlú cliniciúil agus oibríochta ar chúram sláinte péidiatraiceach géarmhíochaine. Táimid á dhéanamh seo trínár n-infheistíocht i seirbhísí comhtháite, oideachas agus taighde, agus nuálaíocht.
I measc ár gcomhpháirtithe acadúla tá:
- Scoil an Altranais & Eolaíochtaí Daonna DCU
- Coláiste Ríoga Máinlianna na hÉireann
- Leigheas Péidiatraiceach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Scoil an Leighis agus Eolaíocht an Leighis UCD
Tuilleadh eolais faoinár ngníomhaíochtaí oideachais agus taighde .