Comhlíonann an Roinn Míochaine Saotharlainne Péidiatraiceach i Sláinte Leanaí Éireann ag Sráid an Teampaill rialacháin Bhord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú (INAB) agus an Caighdeán Idirnáisiúnta ISO15189: Saotharlanna Leighis – Ceanglais Cháilíochta agus Inniúlachta. Ina theannta sin, comhlíonann an Roinn Fuilaistriúcháin AML-BB dar teideal “Íosriachtanais maidir le Comhlíonadh Banc Fola le hAirteagal 14 (Inrianaitheacht) agus Airteagal 15 (Fógra maidir le Frithghníomhartha Tromchúiseacha agus Teagmhais Dhíobhálacha) de Threoir an AE 2002/98/CE”. Tá scóip reatha an chreidiúnaithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin an INAB faoin uimhir chlárúcháin 374MT.
Tá Bithcheimic Ghinearálta, Bithcheimic Meitibileach, Micribhitheolaíocht, an tSaotharlann Náisiúnta Scagthástála Spota Fola Nuabheirthe (NNBSL) agus Saotharlann Tagartha Meiningítis & Sepsis na hÉireann (IMSRL) creidiúnaithe le haghaidh scóip sholúbtha. Tá Máistirliosta Athruithe Solúbtha Scóip (LF-GEN-0087) ar fáil, ach é a iarraidh, go díreach ó Roinn na Míochaine Saotharlainne Péidiatraiceach.